Tionscnamh na gCnaipí

Tionscnamh na gCnaipí

Lá Náisiúnta Sláinteachais Míosta Bealtaine 28, 2004 - Tionscnamh na gCnaipí (translated into Irish by the beautiiful Beirni Ni Chuinn

 Bhí triúr cailíní óga Ally, Rose agus Lizzie, ina gcónaí i mbaile beag Deelvale. Lá amháin agus iad i siopa seandachta, tháinig siad ar ar shean bhosca adhmaid, a bhí lán le cnaipí daite. Thuig siad nach gnáth chnaipí a bhí iontu, agus go raibh draíocht ag baint leo. Cheannaigh an triú acu cnaipe an duine.

 

De réir mar a bhí na laethanta á meilt, chonaic na cailíní go raibh rudaí maithe  ag titeam amach dóibh. D'fheabhsaigh marcanna scoile Ally, bhí Rose in ard a réime ar pháirc imeartha na camógaíochta, agus stiúraigh cnaipe Lizzie í i dtreo cairdis láidre, nua í. Thuig na cailíní go raibh cumhachtaí suntasacha ag baint leis na cnaipí agus shocraigh siad úsáid mhaith a bhaint astu. Bheadh tábhacht i bhfad níos mó ag baint leis na cnaipí, ná mar ghreamathóirí amháin, dar leo.

 

Chuimhnigh siad ar droim láimhe a thabhairt don náire agus don gciúnas a bhaineann leis an bhfuil mhíosa, agus go mbeadh an cnaipí simplí ina siombal cumhachta feasta. Thosnaigh siad ag caitheamh cnaipe daite ar a n-éide scoile nó ar a gcás pinn - ráiteas beag ach ráiteas  láidir go raibh siad ag glacadh le cúrsa nádúrtha a gcorp agus ná beadh cead aige cur isteach ar ghnáth imeachtaí an tsaol.

 

Scaip an scéal tríd an scoil go tapaidh, agus ba ghearr go raibh cailíní eile ag tacú leo. Bhí an cnaipe simplí ina chomhartha tacaíochta ciúin, agus ba ghearr go raibh an fhuil mhíosa á lua go hoscailte, gan fuacht gan faitíos arís. Bhunaigh na cailíní Club na gCnaipí, agus labhair siad lena gcairde faoi shláinteachas míosta, rud a thug muinín agus misneach do na cailíní óga. Scaip an scéal i measc an phobail agus thug gnóanna, pobail  agus polaiteoirí áitiúla tacaíocht don ngluaiseacht agus bhí cnaipe daite le feiscint ar a gcuid éadaigh go bródúil acu. D'eagraigh na cailíní ceardlainne fiú amháin, agus roinn siad a gcuid eolais le saineolaithe sláinte agus chuir siad an ruaig ar na sean scéalta a bhain leis an bhfuil mhíosa.

 

Mhéadaigh misneach na gcailíní, de réir mar a scaip siombal na gcnaipí. Speag siad neart ina chéile agus thuig siad go bhféadfaí sean-nósanna an tsochaí a leasú trí Chlub na gCnaipí. Spreag an Club comhráití oscailte in áit cogarnáil chiúin, agus chruthaigh sé timpeallacht dos na cailíní a thug misneach sgus féin-chumhacht dóibh, seachas síor-náire faoina gcorp fhéin. Bhí Deelvale ina shiombal ar athraithe móra, agus lean pobail eile iad.

 

Speag Club na gCnaipí caint faoi shláinteachas míosta agus bhí na cailíní ábalta imeacht ón smál a choimeád srian orthu ar feadh na mblianta. Thuig na cailíní gur iontu fhéin a bhí an draíocht, seachas ins na cnaipí, agus gur neartaigh an draíocht san gach uair a sheas siad go stuama, láidir le chéile. Bhí an cnaipe ina chuid lárnach don Lá Náisiúnta Sláinteachais Míosta, agus chaith daoine cnaipe daite le tábhacht na gluaiseachta a chur in iúil. D'fhág go leor dos na cailíní an cnaipe ar a gcás pinn i rith na bliana ar fad, lena thaispeáint go raibh soláthairtí fola míosa acu, dá mbeadh éinne i ngreim, gan choinne.

 

Tá an cnaipe simplí ina shiombal cumhachtach anois; siombal a thaispeánann don domhan mór go bhfuil neart agus cumhacht sa chur le chéile agus nach bhfuil tada níos nádúrtha ná nádúr a gcorp féin.

 

Leave a comment

Please note, comments need to be approved before they are published.

This site is protected by reCAPTCHA and the Google Privacy Policy and Terms of Service apply.